Eóin 12:36-50 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

36. An feadh atá an solus aguibh, creididh ann sa tsolus, do chum go madh clan don tsolus sibh. Do labhair Iósa na neithesi, agus ar nimtheachd dó, do fholuigh sé é féin úatha.

37. Agus ge do rinne sé a noirid so do mhíorbhailibh na bhfíadhnuisi, nior chreideadar ann:

38. Do chum go gcoimhlíonfuidhe briathar an fháidh Esaías, noch a dubhairt, A Thighearna, Cia chreid ar nglóirne? agus cía dár nochdadh lámh an Tighearna?

39. As uime sin nár fhéadadar creideamh, do bhrigh mar a dubhairt Esaías a rís,

40. Do dhall sé a súile, agus do chrúadhaigh sé a gcriodhe; deagla go bhfaicfidis lé na súilibh, agus go dtuigfidis lé na gcroidhthibh, agus go bhfillfidis, agus go sláineochuinn íad.

41. Do labhair Esaías na neithe so, and tan do chunnairc sé a ghlóirsean, agus do labhair sé na thimcheall.

42. Achd fós do chreideadar mórán do na húachdaránuibh féin ann; achd ar son na Bhphairisineach níor admhuigheadar é, deagla go gcuirfidhe amach as an tsinagóig íad.

43. Oír dob annsa léo glóir na ndáoine, ná glóir Dé.

44. Agus do labhair Iósa do ghuth ard, agus a dubhairt se, Gidh bé chreideas ionnamsa, ní hionnamsa chreideas sé, achd ann sa té do chuir úadh mé.

45. Agus gidh bé chí misi do chí sé an té do chuir uadh mé.

46. Táinig mé mar sholus chum an tsáoghail, ionnus gidh bé chreideas ionnam nach déanadh sé comhnuidhe a ndorchadas.

47. Agus gidh bé neach éisdeas mo bhríathra, agus nach ccreidfe íad, Ní dháorfa misi é: óir ní tháinig mé do dhamnughadh an domhain, achd do shlánughadh an domhain.

48. Gidh bé dhíultus mé, agus nach gabhann chuige mo bhríathra, atá aige neach dháorus é: an bhríathar do labhair mé, as í dháorfus é sa ló deigheanach.

49. Oír níor labhair misi úaim féin, achd an Tathair ó dtáinig mé, tug sé áithne dhamh, créd as cóir dhamh aradh, agus creud as coir dhamh a labhairt.

50. Agus atá a dheimhin agam gur beatha mharrthanach a áithnesion: Ar a nadhbharsin na neithe a deirimsi, is amhluidh a deirim íad mar a dubhairt an Tathair ríum.

Eóin 12