9. Do fhreagair Iósa, An né nach bhfuil dhá uáir dhég sa ló? Má shiobhlann duine ann sa ló, ní fhagham sé tuisleadh, oír do chí sé solus an tsáoghailsi.
10. Gidheadh má shiobhlánn duine sa noidhche, do gheibh sé tuisleadh óir ni bhfuil solus ann.
11. A dubhairt sé na neitheses, agus na dhiáighsin a dúbhairt sé riú, Atá ar gcara Lásarus na chodladh; achd atáimse ag dul, dá dhúsachd as a chodladh.
12. Ann sin a dubhradar a dheisciobail, A Thighearna, má tá sé na choladh, biáidh sé slán.
13. Gidheadh as a dtimcheall a bháis do labhuir Iósa: achd do sháoileadarsan gur a dtimcheall a shúain chodalta do labhair sé.
14. Uime sin a dubhairt Iósa an tan sin ós áird riú, Fúair Lásarus bás.
15. Agus atá lúathghair oram air bhur sonsa, (do chum go gcreidfeadh sibh) nach raibh mé a lathair ann sin; achd déanam chuige.
16. Ar a nadhbharsin a dubhairt Tomás, ré ráidhtear Didimus, ré na choimhdheisciobluibh, Déanaimne leis, dfagháil bháis na fhárradh.
17. Uime sin tháinig Iósa, agus fúair sé é ar gcaitheamh cheithre lá cheana ann sa túama.
18. Agus do bhí Betánia a bhfogus Díarusalém, a ttimcheall chuig sdáide dég:
19. Agus tangadar mórán do na Iúdaidhibh chum Martá agus Muire, dá gcomhfhurtachd fá na ndearbhráthair.
20. Agus mar do chúalaidh Martá, go raibh Iosa ag teachd, do chúaidh sin a airchis: achd do fhan Muire na súidhe a sdigh.
21. Uime sin a dubhairt Marta ré Iósa, A Thighearna, dá mbeithéasa ann so, ní bhfuigheadh mo dhearbhráthairsi bás.
22. Achd atá a dheimhin agam, a nois mar an gcéadna, gidh bé ní íarrfus tú ar Dhía, go ttiobhra Día dhuit é.
23. A dubhairt Iósa ria, Eiréochuidh do dhearbhráthair a rís.
24. A dubhairt Martá ris, Atá a fhios agam go néiréocha sé ann sa neiseirghe an lá déigheanach.