53. Uime sin ón lá sin amach do bhádar ag comhairliughadh ré chéile eisean do mharbhadh.
54. Ar a nadhbharsin níor shiobhail Iósa ó sin súas go follus a measg na Níudaidheadh; achd do chuáidh sé asa sin don tír do bhí a bhfogus don fhásach, go cathruigh ré a ráidhtear Ephrem, agus do chomhnuidh sé ann sin a bhfochair a dheisciobal.
55. Agus do bhí cáisg na Níuduidheadh a bhfogas dóibh: agus do imthigheadar mórán as a tírsin súas go Híarusalém roimh cháisg, da nglanadh féin.