Eóin 11:19-27 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

19. Agus tangadar mórán do na Iúdaidhibh chum Martá agus Muire, dá gcomhfhurtachd fá na ndearbhráthair.

20. Agus mar do chúalaidh Martá, go raibh Iosa ag teachd, do chúaidh sin a airchis: achd do fhan Muire na súidhe a sdigh.

21. Uime sin a dubhairt Marta ré Iósa, A Thighearna, dá mbeithéasa ann so, ní bhfuigheadh mo dhearbhráthairsi bás.

22. Achd atá a dheimhin agam, a nois mar an gcéadna, gidh bé ní íarrfus tú ar Dhía, go ttiobhra Día dhuit é.

23. A dubhairt Iósa ria, Eiréochuidh do dhearbhráthair a rís.

24. A dubhairt Martá ris, Atá a fhios agam go néiréocha sé ann sa neiseirghe an lá déigheanach.

25. A dubháirt Iósa ría, Is misi a neiséirghe, agus an bheatha: gidh be chreideas ionnam, dá mbeith go mbiadh sé tár éis bháis, mairfidh sé:

26. Agus gidh bé mhaireas agus chreideas ionnamsa ní bhfuighe sé bás go bráth. An gcreideann tú so?

27. A dubhairt sis iris, Aseadh, a Thighearna: do chréid mé gur tusa Críosd, Mac Dé, tháinic air an tsáoghalso.

Eóin 11