Eóin 1:38-42 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

38. Agus ar bhfilleadh Díosa, agus ar ná bhfaicsinsean dhá léanmhuin féin, a dubhairt sé riú, Créud atá sibh íarraigh? Agus a dubhradarsan ris, Rabbi (sé sin ré rádh, ar na eidirmhíniughadh, A Mhaighisdir,) gá a ccomhnuigheann tú?

39. A dubhairt sé riú, Tigidh agus féuchaidh. Tangadar agus do chunncadar an tionad a gcomhnuigheadh seisean, agus dfanadar aige an lá sin: do bhí an úair sin timcheall a deich.

40. Agus do bé Aindrías, dearbhráthair Shiomoin Peadair, fear don dís do bhí ag eisdeachd ré Heóin, agus do lean eisean.

41. A sé so fúair a dhearbhrathair féin Siomón, agus a dubhairt sé ris, Fúaramar an Messias, as sé sin, ar na eidirmhiniughadh, an Críosd.

42. Agus rug sé chum Iósa é. Agus ar bhféuchain Díosa air, a dubhairt sé, As tusa Siomón mac Ióna: goirfidhear Céphas díot, dár ab ciall, Carraig.

Eóin 1