Eóin 1:32-38 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

32. Agus do rinne Eóin fíadhnuisi, ag radh, Do chunnairc mé an Spiorad ag tuirling amhail cholam ó neamh, agus do chomhnuidh sé airsion.

33. Agus níor aithin misi é: achd an té do chuir mé do bhaisdeadh lé huisge, as é a dubhairt rium, Gidh bé ar a bhfaicfe tú an Spiorad ag tuirrling, agus ag comhnuighe, sé sin an té bhaisdeas leis an Spiórad Náomh.

34. Agus do chunnairc misi, agus do ním fíadhnuisi gur ab é so Mac Dé.

35. An lá na dhíaigh sin a rís do sheas Eóin, agus diás dá dheiscioblaibh;

36. Agus ar bhfaicsin Iósa ag siobhal. A dubhairt sé; Féuch Uan Dé!

37. Agus do chúaladar an dís deisciobal é ag labhairt, agus do leanadar Iósa.

38. Agus ar bhfilleadh Díosa, agus ar ná bhfaicsinsean dhá léanmhuin féin, a dubhairt sé riú, Créud atá sibh íarraigh? Agus a dubhradarsan ris, Rabbi (sé sin ré rádh, ar na eidirmhíniughadh, A Mhaighisdir,) gá a ccomhnuigheann tú?

Eóin 1