Eóin 1:18-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

18. Ni fhacaidh neach ar bith Día a riamh; an áoinghein Mhic, atá an uchd a Nathar, as é dfoillsigh é dhúinne.

19. Agus as í so fíadhnuisi Eoin, an tan do chuireadar na Iúdaighe ó Ierusalém sagairt agus Lebhítí do chum go bhfíafróchaidis dé, Cía thusa?

20. Agus dadaimh seision, agus niór shéun sé; dadaimh sé nar bhé féin Criosd.

21. Agus dfíafruigheadar dhe, Créd eile? An tú Elías? Agus a dubhairt seision, Ní mé. An faídh thú? Agus do fhréagair seision, Ní headh.

22. Ar a nadhbharsin a dubhradar ris, Cía thú, ionnus go dtiobhramáois freagra ar an muinntir do chuir úatha sinn. Créd a deir tú ad thimcheall féin?

23. A dubhairt seisean, Misi guth an té éighmheas ar an bhfásach, Dírghidh slighe an Tighearna, mar a dubhairt Esaías an faidh.

24. Agus an dream do cuireadh budh do na Phairisineachuibh iád.

25. Agus dfíafruigheadar dheasean, agus a dubhradar ris, Ar a nadhbharsin créd fá ndéunann tú baisdeadh, muna tú Críosd, nó Elías, nó an fáidh úd?

Eóin 1