3. Oír atá sibh marbh, agus atá bhur mbéatha folaighthe má ráon ré Críosd a Ndía.
4. An tan fhóillséochthar Críosd, ar mbéathainne, foillséochthar sibhse fós an tan sin a nglór má ráon ris.
5. Uime sin claóidhigh bhur mbuill thalmhuidhe, sdríopachas, neamhghloine, fonn colluidhe, ainmhían, agus saint, noch as iodhaládhradh:
6. Tré na dtig díoghaltus Dé ar chloinn na heasúmhlachda:
7. Ann a rabhabhairse fós ag siubhal a nallód, ar mbeith dhíbh ag caitheamh bhur mbeatha ionnta.
8. Achd a nois cuiridh uáibh na neithesi uile; fearg, buirfe, blaisphéime, droichmhéin, comhradh saladh as bhur mbéul.
9. Ná déunuidh bréug ré chéile, ó chuireabhair an seanduine dhíbh maille ré na ghníomharthuibh;
10. Agus ó chuireabhair an duine núadh iomuibh, noch atá ar na athnúadhughadh a néolas do réir íomháighe an ti do chrúthaidh é:
11. Mar nach bhfuil Gréugach agus Iúduighe, timchillghearradh agus neamhthimchillghearradh, duine barbartha, agus Scitían, dáor agus sáor: achd Críosd na uile agus ann sna huilibh.