21. Agus sibhse, do bhí a nallód bhur gcoimhightheachuibh agus bhur náimhdíbh ann bhur ninntinn tré drochóibrighibh, do réidhigh sé a nois daóibh
22. A gcorp a fhéola féin tré bhás, chum bhur ndéunta náomhtha glan agus neimhchiontach na fhíadhnuise féin:
23. Má chómhnuigheann sibh go fonndameinteach daingean sa gcreideamh, gan bheith dhíbh ar bhur nathrughadh ó mhuinighin an tsoisgéil, noch do chúalabhair, agus do rinneadh sheanmóir dá gach uile chreatúr atá faói neamh, dá bhfuilimse Pól am mhinisdir;
24. Noch do ní a nois gairdeachas ann sna neithibh fhuilingim ar bhur sonsa, agus choimhlíonas fuigheall buáidheartha Chríosd am fheóil ar son a chuirpsion, eadhon a neagluis:
25. Dá ndearnadh minisdir dhíom, do réir fheadhmanntuis Dé tugadh dhamh bhur dtáobhsa, chum breithre Dé do choimhlíonadh;