Ccolossianach 1:16-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Oír is leisean do crúthuigheadh na huile neithe, noch atá ar neamh, agus ar talamh, sófhaicsigh agus dófhaicsigh, más árdchaithireacha íad, nó tíghearnuis, nó úachdaránachd, nó cúmhachda: as leision agus ar a shonsan, do crúthugheadh íad uile:

17. Agus atá féin roimh na huile neithibh, agus is trídsion sheasaid na huile neithe a bhfochair a chéile.

18. Agus as eision ceann chuirp, na heagluisi: agar ab é an tosach é, an chéidgin ó mharbhuibh; chum airdcheannuis do bheith aige ós cionn na huile.

19. Oír do thogair an Tathair a nuile iomláine so chómhnuidhe annsan:

20. Agus, na huile neither do dhéunamh réidh ris féin thrídsion, ar ndéunamh siothchána tré fhuil a chroichesean; mas air talamh íad, no air neamh.

21. Agus sibhse, do bhí a nallód bhur gcoimhightheachuibh agus bhur náimhdíbh ann bhur ninntinn tré drochóibrighibh, do réidhigh sé a nois daóibh

22. A gcorp a fhéola féin tré bhás, chum bhur ndéunta náomhtha glan agus neimhchiontach na fhíadhnuise féin:

23. Má chómhnuigheann sibh go fonndameinteach daingean sa gcreideamh, gan bheith dhíbh ar bhur nathrughadh ó mhuinighin an tsoisgéil, noch do chúalabhair, agus do rinneadh sheanmóir dá gach uile chreatúr atá faói neamh, dá bhfuilimse Pól am mhinisdir;

24. Noch do ní a nois gairdeachas ann sna neithibh fhuilingim ar bhur sonsa, agus choimhlíonas fuigheall buáidheartha Chríosd am fheóil ar son a chuirpsion, eadhon a neagluis:

25. Dá ndearnadh minisdir dhíom, do réir fheadhmanntuis Dé tugadh dhamh bhur dtáobhsa, chum breithre Dé do choimhlíonadh;

Ccolossianach 1