Bhphilippiánach 3:9-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Agus go bhfuighthí annsan mé, gan bheith dom fhiréunntachd féin, thig ón reachd agám, achd a nfhiréuntachd thig tré chréideamh Chriosd, an fhíréuntachd atá ó Dhía tré chreideamh:

10. Ionnus go mbíadh aithne agum airsion, agus ar chúmhachd a eiséirghe, agus ar chumann a pheannuidhe, ar mbeith dhamh dom chur a gcosamhlachd chrotha ré na bhás;

11. Dá fhéuchain an dtiucfadh dhíom ar éunchor rochdain go heiséirghe na marbh.

12. Ní hé go ráinic mé cheana, nó go bhfuilim fos ar dteachd chum críche: achd atáim ag rioth, dféuchain an dtiucfadh dhíom fós breith uirrthe do bhrígh go rugadh oram cheana ré Iósa Críosd.

13. A dhearbhráithre, ní mheasuim gur rug mé fós uirrthe: achd do ním éinní amháín, ar mbeith dhamh ag dearmad na neitheann atá arm o chúl, agus ag déunamh mo dhíthchill chum na neitheann atá romham,

14. Riothuim go díán chum an chomhartha do mhían luáídhéachda árdghárma Dé a Níosa Críosd.

15. Uíme sin, an mhéid dhínn atá diongmhalta, biodh a ninntinnse aguinn: achd má tá sibh ar atharrach inntinne, foillséochuidh Día a ní céudna dhíbh.

16. Gidheadh, siubhlam air ar nadhuigh sa ní chum a dtangamar, do réir áon ríaghla amháin, agus bímid déininntinn.

17. A dhearbhráithre, bíghidh ré chéile bhur luchd leanmhana agumsa, agus tabhruidh aire don druing shiúbhlas do réir na heasumplára do bheirmídne dhíbh.

Bhphilippiánach 3