1. Uime sin mar atá cómhfhurtachd ar bith a Gcríosd, má atá sólas ar bith grádha, má atá cumann ar bith Sbioruide, má atá truáighe ar bith nó trócaire,
2. Coimhlíonuidh mo gháirdeachasa, ré bheith díbh déininntinn, dáonghrádh, déuntoil, agus déinbhreitheamhnas.
3. Gan éinní tré chonnsbóid ná tré ghlóir dhíomháoin; achd a númhlachd inntinne measadh gach áon gur fear neach eile na é féin.
4. Nár ab íad na neithe bheanais ris féin bhéuras gach áon dá aire, achd gach áon na neithe fós bheanas ré dáoinibh eile.
5. Uime sin bíodh a ninntinn chéudna ionnuibh, noch do bhí fós a Niósa Críosd:
6. Noch, ar mbeith dhó a bhfoirm Dé, nár mheas sé na shlad bheith dhó coimionnun ré Día:
7. Achd do chuir sé é féin a neamshúim, ar ndul dó a riochd shearbhfoghantuighe, ar na dhéunamh cosmhail ré dáoinibh:
8. Agus ar na fhagháil a bhfioghair mar dhuine, do ísligh sé é féin, ar mbeith dhó ar ná dhéunamh úmhal gus an mbás eádhon bás na croiche.
9. Ar a nadhbharsin do árduigh Día é go ro árd mar an gcéudna, agus tug sé ainm dhó ó cionn gach uile anma:
10. Ionnus go ccromthadh gach uile ghlún dainm Iósa, eadhon glúine na neitheann atá ar neamh, agus ar talamh, agus fáoi an dtalamh;
11. Agus go naidmheóchadh gach uile theanguidh gur ab é Iósa Críosd an Tighearna, chum glóire Dé Athar.
12. Uime sin, a chaired, amhuil tug sibh úmhlachd uáibh a goimhnuidhe, ní hé amháin dom láthairse, achd a nois go mórmhór ar mbeith dhamh bhur bhféugmhuis, sáothruighe bhur slánughadh féin maille ré faitchéas agus ré criothnughadh.
13. Oír a sé Día oibrigheas ionnuibh an toil agus an gníomh do réir a dheaghthola.
14. Déunuidh na huile neithe gan mhonbhar agus gan challóid:
15. Ionnus go mbiáidh sibh neimhchiontach agus neamhurchóideach, bhur gcloinn neamhlochduigh ag Día, a measg dhroichchinidh chrosda, eidir a bhfuil sibh ag deallrughadh mar lóchrannuibh soilse sa tsáoghal;
16. Ag síneadh bhréithre na beatha uáibh amach; ionnus go dtiucfadh dhíomsa mórdháil do dhéunamh a ló Chríosd, nár rioth mé go díomháoin, agus nár sháothruidh mé go díomháóin.
17. Achd fós, bíodh go bhfuilim dom íodhbairt ar muin íodhbartha agus sheirbhíse bhur gcreidimhse, atá lúathgháir oram, agus gáirdeachas má ráon libhse uile.