2 Ttessalonicanach 3:8-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Agus ní a naisgidh do itheamar atán ó aóin neach; achd maille ré sáothar agus ré hanshógh ag déunamh oibré do ló agus doídhche, deagla ar dtruime do leigean ar áon neach aguibhse.

9. Ní hé nach bhfuil úghdarrás aguinn, achd ionnus go ndéunamaóis eisiompláir dhinn féin díbhse chum sinne leanmhuin.

10. Oír fós an tan bhámar eadruibh, do áithneamar só dhíbh, eadhon má atá aóinneach ris nách áill obair do dhéunamh, ná hítheadh bíadh mar an gcéudna.

11. Oír do chluinmíd go bhfuilid daóine áirighe ag siúbhal eadruibh go míriaghalta, nach déun obair ar bíth, achd sháitheas íad féin a neithibh nach beanann ríu.

12. Do bheirmíd fógrá dhá samhuil sin agus íarrmuid orrtha tré ar Dtíghearna Iósa Chríosd, a narán féin díthe dhóibh, ag sáothrughadh maille ré súaimhneas.

13. Agus ná bighidhse, a dhearbhráithre, tuirseach do dhéunamh maitheasa.

14. Agus má atá duine ar bith nach dtabhair úmhlachd dár mbréithirne sa neipisdilse, cuiridh cómhartha air, agus seachnuidh a chomhlúadar, ionnus go mbíadh adhnáire air.

15. Thairis sin ná bíodh mead námhad aguibh air achd teaguisgidh é mar dheabhráthair.

16. Agus do dtuguidh Tíghearna na síothchána féin síothcháin dhíbh do shíor ar gach éunchor. An Tíghearna maille ribh uile.

2 Ttessalonicanach 3