2 Ttessalonicanach 2:6-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Agus a nois atá a fhios aguibh créud is toirmeasg ann chum a fhoillsighthe ann a ám féin.

7. Oír atá rúindíamhair na neimhdhíaghachda ag oibriughadh cheana: amháin an tí thoirmisgeas a nois cuirfidh sé toirmeasg, nó go dtógaibhthear as lár é.

8. Agus foillséochthar an tan sin an duine Neamhdhíaghadhsin, noch chlaóifeas an Tíghearna ré Sbiorad a bhéil, agus sgriosfus sé ré déallradh a theachd:

9. Eadhon an tí, aga bhfuil a theachd ó oibriughadh Shatáin maille ris a nuile chúmhachd agus ré cómharrthuibh agus ré hiongantuibh bréige,

10. Agus maille ris a nuile mhealltóireachd eugcóruidh a measg na druinge theid a múgha; do bhrígh ná ghabhadar grádh na fírinne chuca, chum a slánaighthe.

11. Agus air a nadhbharsa cuirfe Día chuca oibriughadh bríoghmhar séachráin, ionnus go cereidfidís an bhréug:

12. Ionnus go ndaimeontaói an méid uilé nar chreid a nfírinne, achd agá raibh a ndúil a néugcóir.

2 Ttessalonicanach 2