2 Ttessalonicanach 2:1-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus íarrmuid dathchuinghe oruibh, a dhearbhraithe, tré theachd ar Dtighearna Iósa Críosd, agus ar gcomhchruinnighne chuigesion,

2. Gan bheith dhíbh go hobann sobhogtha ó ninntinn atá aguibh, ná bheith buáidheartha, ó sbioruid, ná ó bhréithir, ná ó litir, mar do thiucfadh sí uainne, amhuil do bhíadh lá Chríosd do láthair.

3. Ná mealladh éunduine síbh ar ghléus ar bith: óir ni thuicfa an lá sin muna dtiucfaidh tréigean ar tús, agus go bhfoillseochar an duine peacthach, mac an damnuighe;

4. An námhuid do áirduigheas é féin ós cionn gach neithe dá ngoirthear Día, nó do nithear onóruigheadh; ionnas go súighfe sé mar Dhía a dteampoll Dé, dhá chur a gcéill gur Día é féin.

5. A né nach cumhuin libh, ar mbeith dhamh fós bhur bhfochair, go ndubhairt mé na neíthese ribh?

6. Agus a nois atá a fhios aguibh créud is toirmeasg ann chum a fhoillsighthe ann a ám féin.

7. Oír atá rúindíamhair na neimhdhíaghachda ag oibriughadh cheana: amháin an tí thoirmisgeas a nois cuirfidh sé toirmeasg, nó go dtógaibhthear as lár é.

8. Agus foillséochthar an tan sin an duine Neamhdhíaghadhsin, noch chlaóifeas an Tíghearna ré Sbiorad a bhéil, agus sgriosfus sé ré déallradh a theachd:

9. Eadhon an tí, aga bhfuil a theachd ó oibriughadh Shatáin maille ris a nuile chúmhachd agus ré cómharrthuibh agus ré hiongantuibh bréige,

10. Agus maille ris a nuile mhealltóireachd eugcóruidh a measg na druinge theid a múgha; do bhrígh ná ghabhadar grádh na fírinne chuca, chum a slánaighthe.

11. Agus air a nadhbharsa cuirfe Día chuca oibriughadh bríoghmhar séachráin, ionnus go cereidfidís an bhréug:

12. Ionnus go ndaimeontaói an méid uilé nar chreid a nfírinne, achd agá raibh a ndúil a néugcóir.

13. Gidheadh atá dfiachuibh oruinne buidheachas do bhreith do shíor ré Dí ar bhur sonsa, atá grádhuighthe ón Dtíghearna, ar a nadhbhar gur thogh Día sibh ó thosuigh chum slánaighthe tré náomthachd na Spioruidhe agus tré chreideamh na fírinne:

14. Chum ar ghoir sé síbh tré ar soisgélne, chum gnoghuighe ghlóire ar Dtíghearna Iósa Críosd.

15. Uime sin, a dhearbhráithre, seasuidh go daingean, agus congmhuídh na toirbhearta fúarabhair, noch do múineadh dhíbh, tré bhreithir, nó tré ar neipisdilne.

2 Ttessalonicanach 2