7. Agus suáimhneas dibhse fhuilngeas buáidhirt má ráon rinne, an tan fhoillséochas an Tíghearna Iósa é féin ó neamh maille ré na ainglibh cúmhachdacha,
8. A dteine lasarrdha ag déunamh díoghaltuis ar a ndruing ag nach bhfuil éolas Dé, agus nách dtabhair úmhlachd do shoisgéul an Dtíghearna Iós Críosd:
9. Noch ghéubhus pionús an damnnuighthe shíorruidhe ó aghuidh an Tíghearna, agus ó ghlóir a chúmhachd;
10. An tan thiucfas se chum glóire dfágháil ann a náomhuibh, agus chum a dhéunta iongantach sna huile dhaóinibh chreideas (do bhrígh gur chreideadh a nfíadhnuisi do rinneamairne eadruibhse) sa lá sin.
11. An tádhbhar fá ndéunmuidne fós úrnuighe do shíor ar bhur sonsa, ionnus go measfadh ar Ndía gur fíu an ghairmse sibh, agus go gcoimhlíonfadh sé deaghthoila mhaitheasa go huilidhe, agus obair an chreidimh maille ré cúmhachduibh:
12. Ionnas go ndéantaói ainm ar Dtíghearna Iósa Críosd glórmhar ionnuibhsi, agus sibhse annsan, do réir ghrás ar Ndé agus an Tíghearna Iósa Críosd.