2 Timóteuis 4:11-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Atá Lucás na áonar um fhochair. Ar mbreith dhuit ar Mhárcuis, tabhair leachd é: óir as ro shocrach dhámhsa é chum miniosdrálachda.

12. Agus do chuir mé Tichicus uáim go Hephesus.

13. An tan thiucfas tú, tabhair leachd an brat noch do fhág mé a Dtróas ag Carpus, agus na leábhair, go háirighe na meamruim.

14. As mór dolc do rinne Alecsandar an céard copair oram: go dtuguidh an Tíghearna dhó réir a ghníomharthadh.

15. Agus bíse mar an gcéudna ar do choimhéud air; óir is mór do chuir sé a nadhuigh ar mbríathairne.

16. Ann mo chéud chosaintse níor raibh áonduine agam, achd do thréigeadar uile mé: nar agrar orrtha é.

17. Gidheadh do sheas an Tíghearna láimh rium, agus do neartuigh sé mé; ionnus go mbíadh seanmóir an tsoisgeil dearbhtha thríomsa, agus do gcluinfedis na Cineadhacha uile í: agus do sáoradh mé ó bhéul an leomhain.

2 Timóteuis 4