1. Uime sin cuirim dúalach ort a bhfíadhnuise Dé, agus an Tíghearna Iósa Críosd, noch bhéuras breath ar bhéodhuibh agus ar mharbhuibh agá theachd deallruightheach agus an ríoghachd;
2. Déuna an bríathar do sheanmóir; bí dúthrachdach a nám, agus a nanám; spreag, smachduighe, agus teaguisg maille ris a nuile cheannsachd agus fhoirceadal.
3. Oir tiucfuidh aimsir nach mbiáidh fulang aca ar theagusg fhallái; achd ar mbeith dá gclúasuibh lionta do thochas cruinneóchuid síad dhóibh féin do réir a nainmían iomad teagusgóir;
4. Agus fillfid síad a gclúasa ón bhfírinne, agus geillfid do sgéultuibh fábhuill.