1. Uime sin cuirim dúalach ort a bhfíadhnuise Dé, agus an Tíghearna Iósa Críosd, noch bhéuras breath ar bhéodhuibh agus ar mharbhuibh agá theachd deallruightheach agus an ríoghachd;
2. Déuna an bríathar do sheanmóir; bí dúthrachdach a nám, agus a nanám; spreag, smachduighe, agus teaguisg maille ris a nuile cheannsachd agus fhoirceadal.