2 Timóteuis 3:10-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Achd do lean tusa mo theagusga, réim mo bheatha, mo rún, mo chreideamh, mo cheannsachd, mo ghrádh, agus mfoighid,

11. An ghérleanmhuin, an pháis, a dfulaing mé a Nantióchia, a Nicónium, agus a Lisdra; créd é méid na gérleanmhana diomchuir mé: achd do sháor an Tighearna mé úatha uile.

12. Agus fós, an mhéid ler mían a mbeatha chaitheamh go díagha a Niósa Críosd fuileónguin síad gerleanmhuin.

13. Achd na drochdháoine agus na mealltóirighe rachuid air a naghuidh sa nolc, ag mealladh, agur ar na mealladh dhóibh.

14. Achd comhnuighse sna neithibh do fhóghluim tú agus do fágbhadh táobh riot, ar mbeith a fheasa agad cía ór fhoghluim tú íad;

15. Agus ó bhí tú ad leanabh go raibh eólas na sgrioptúr náomhtha agad, lér féidir do dhéunamh éagnuidhe chum slánaighthe trés an gcreideamh noch atá a Niósa Críosd.

16. Is ó Sbioruid Dé tháinic an sgriobtúir uile, agus is tarbhach é chum teaguisg, chum spreagtha, chum ceartuighthe, chum foirceaduil na fíréuntachda:

17. Ionnus go mbíadh óglach Dé diongmhalta, agus ullmhuighe go hiomlán chum na huile dhéaghoibhre.

2 Timóteuis 3