2 Ccorintiánach 8:8-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Ní tré cheannus oruibh a deirim so, achd do bhrígh dhúthrachd dhaóineadh eile, agus do dhearbhadh chínéil bhur ngrádhsa.

9. Oír is aithne dhaóibh grása ar Dtighearna Iósa Criósd, do bhrígh ar mbeith dhó saidhbhir, go dtarla dhó bheith bochd ar bhur sonsa, chum sibhse do dhéunmah saidhbhir ré na bhochdainesion.

10. Agus foillsighim minntinn sa níse: oír téid so a sochar dhaóibhsi, noch do thionnsguin cheana, ní hé amháin a dhéunamh, achd bheith dfonnmhar fós daóibh bliadhain ó shin.

11. Uime sin as a nois cuiridh críoch ar a dhéunamh; ionnus mar do bhábhair ó thoil ro ullamh chum a dhéunta, go madh hamhluidh sin mar an gcéadna chuirfeas sibh a gcrích é don ní atá aguibh.

12. Oír dá raibh inntinn fonnmhar ag neach ar tús, gabhthar sin úadh, do réir a neithe atá aige, agus ní do réir a neithe nach bhfuil aige.

13. Agus ni huime a deirim so chum socamhuil do bheith ag dáoinibh eile, agus sibhse do bheith fá dhaóirsi:

14. Achd ar chonnradh chomhthrom, chum bhur nacfuinnesi a nois dfóirighim a riachdanuision, ionnus go bhfóirfeadh a nacfuinnsean ar bhur riachdanusa mar an gcéadna: ar ghléus go mbíadh comhthrom eadruibh:

15. Do réir mar atá sgríobhtha, An tí do chruinnigh morán, ní raibh iomarcuigh aige; agus an tí do chruinnigh beagán ní raibh easbhuidh air.

16. Agus a bhuidhe ré Día, do chuir an dúthrachd céudna a gcroidhe Thítuis bhur dtimcheallsa.

17. Oír do ghlac sé go deimhin an brosdugh chuige; agus ar mbeith dhó ní sa dúthrachduigh ná sin, do thriall sé dhá thoil féin chuguibh.

18. Agus do chuireamar leis na chuideachda an dearbhrathair, ar a bhfuil deaghtheisd sa soisgéul trés na huile eagluisibh;

2 Ccorintiánach 8