2 Ccorintiánach 8:15-21 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

15. Do réir mar atá sgríobhtha, An tí do chruinnigh morán, ní raibh iomarcuigh aige; agus an tí do chruinnigh beagán ní raibh easbhuidh air.

16. Agus a bhuidhe ré Día, do chuir an dúthrachd céudna a gcroidhe Thítuis bhur dtimcheallsa.

17. Oír do ghlac sé go deimhin an brosdugh chuige; agus ar mbeith dhó ní sa dúthrachduigh ná sin, do thriall sé dhá thoil féin chuguibh.

18. Agus do chuireamar leis na chuideachda an dearbhrathair, ar a bhfuil deaghtheisd sa soisgéul trés na huile eagluisibh;

19. (Agus ní hé amháin, achd do toghadh é mar an gcéudna ris na heagluisibh mar fhear comhaisdir aguinne do tháobh an ghrássa, do nímid a mhiniosdrálachd chum glóire an Tighearna ceudna, agus chum go bhfoillséochthaói bhur ninntinn ro ullamhsa:)

20. Ar mbeith dhúinn ag seachna ar ndiomolta do neach ar bith sa bhfairsingesi, do níthear do mhiniosdrálachd rinn:

21. Ar mbeith dhúinn ag soláthar dheaghneitheann, ní hé amháin a bhfíadhnuisi an Tighearna, achd a bhfíadnuisi na ndaóine mar an gcéudna.

2 Ccorintiánach 8