11. Uime sin ar mbeith feasach dhúinn air bhuirbe an Tighearna, táirngéamaóid daóime chum creidmhe, agus as follus do Dhía sinn; agus atá dóigh agam go bhfuilmid follas do bhur ccoinnsiasuibhse mar an gcéudna.
12. Oír ní bhfuilmís a rís dar moladh féin ribhse, achd do bheirmíd fáth gáirdeachais díbh dhár dtáobh, ionnus go mbíadh freagra aguibh ré thabhairt ar an druing do ní gáirdeachas a ngnúis, agus ní a gcroidhe.
13. Oír má atámuid ar saóbh chéille, is do Dhía atámuid ar saóbh céille: nó más deaghchíall atá aguinn, is daóibhse atámuid ar dheaghchéill.
14. Oír atá grádh Chríosd dar mbrosdughadh; ar na bhreathnughadh so dhúinn, eadhon má fuáir éunduine bás ar son na nuile, go bhfúaradar uile bás: