14. Agus a bhuidhe ré Día, do bheir fa deara dhúinn buáidh do bhreith a gcomhnuidhe a Gcríosd, agus fhoillsigheas baladh a éolais féin thrídne sa nuile áit.
15. Oír is sinn deaghbhaladh Chríosd do Dhía, sa druing shlánuighthear, agus sa druing dhamnuighthear:
16. Do dhruing dhíobh atámaid ar mbaladh báis chum báis: agus do dhruing eile ar mbaladh beatha chum beatha. Agus cía atá acfuinneach chum na neitheannsa?