13. Oír créud í an cháil a rabhabhair fáoi eagluisibh eile, muna bé nár léig misi mo throm oruibh? tuguidh maitheamhnas damh sa néugcóirse.
14. Féuch, is ullamh a nois mé an treas uáir chum teachd chuguibh; agus fós ní chuirfe me mó throm oruibh: óir ní hí bhur máoin íarruim, achd sibh féin: oír ní hair an gcloinn ata dfíachuibh ionnmhus do chruinniughadh fá chómhair na naithreach, achd ar an haithribh fá chómhair na cloinne.
15. Agus budh ró mhían leamsa caitheamh ribhsi; agus mé féin fós do thabhairt ar son bhur nanmann: bíodh dhá mhéud ghráidhighim sibh, gur lúghaide bhur ngrádh dhamh é.
16. Achd bíodh, nár chuir mé muirighin oruibh, gidheadh, ar mbeith dhamh glic, do ghabh mé sibh rém ghliocas.
17. A ndearna mé éudáil oruibh a dtáóibh éunduine dhár chuir mé chuguibh?