2 Ccorintiánach 12:10-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Uime sin bí sáimhe oram a néugcruasuibh, a nimdheargthuibh, a ríachdanusuibh, a ngérleanmhanuibh, a namhgharuibh ar son Chríosd: óir a núair bhím lag, bím láidir an tan sin.

11. Atáim mícheillidhe ré déunamh mórdhála; is sibhse do chóimhéignidh mé: oír bá cóir dhamh mo mholadh uáibhse: óir ní raibh mé a gcáil ar bith fáoi an luchd dob áirde do na habsdaluibh, bíodh nach bhfuil éifeachd ionnam.

12. Go deimhin do hoibrigheadh cómharthaigh absduil eadruibhse maille ris a nuile fhoighid, a gcómharthuibh, agus a niongantasuibh, agus a gcúmhachduibh.

13. Oír créud í an cháil a rabhabhair fáoi eagluisibh eile, muna bé nár léig misi mo throm oruibh? tuguidh maitheamhnas damh sa néugcóirse.

14. Féuch, is ullamh a nois mé an treas uáir chum teachd chuguibh; agus fós ní chuirfe me mó throm oruibh: óir ní hí bhur máoin íarruim, achd sibh féin: oír ní hair an gcloinn ata dfíachuibh ionnmhus do chruinniughadh fá chómhair na naithreach, achd ar an haithribh fá chómhair na cloinne.

15. Agus budh ró mhían leamsa caitheamh ribhsi; agus mé féin fós do thabhairt ar son bhur nanmann: bíodh dhá mhéud ghráidhighim sibh, gur lúghaide bhur ngrádh dhamh é.

16. Achd bíodh, nár chuir mé muirighin oruibh, gidheadh, ar mbeith dhamh glic, do ghabh mé sibh rém ghliocas.

17. A ndearna mé éudáil oruibh a dtáóibh éunduine dhár chuir mé chuguibh?

18. Do íarr mé dathchuinge ar Thítus, agus do chuir mé dearbhráthair maille ris. A ndearnuidh Títus eadáil oruibh a ní ar bith? a né nach a náon spioruid amháin do shiubhlamar? a né nach éunlorg amháin do leanamar?

2 Ccorintiánach 12