1. Go deimhin ní hiomchubhaidh dhámhsa mórdháil do dhéanamh. Oir tiucfuidh mé chum taibhreadh agus taisbéunadh an Tighearna.
2. As aithnidh dhamh neach a Gcríosd ós cionn cheithre mblíadhan déug ó shin, (más ann sa gcoluinn, ní eadar; nó as an gcoluinn, ní eadar: atá a fhios ag Día;) noch do fúaduigheadh súas gus an treas neamh.
3. Agus as aithnidh dhamh a leithid sin do neach, (más ann sa gcoluinn, no as an gcoluinn, ní eadar mé: atá a fhios ag Día;)
4. Gur fuáduigheadh é go párrthas, agus go gcúaluidh bríathra rúindiamhracha nach cóir do dhuine labhairt.
5. Do dhéun mordháil as a shamhuil sin do neach: gidheadh ní dhéun mórdháil asam féin, muna dhearnad é as méugcrúasuibh.