5. Oír saóilimse nach raibh bárr ag an gcuid dob áirde do na habsdaluibh oram.
6. Agus bíodh go bhfuilim túatamhuil a mbríathruibh, achd ní bhfuilim a néolas; achd do rinneadh follus sinn bhur measgsa thríd amach sna huile neithibh.
7. A né gur chionntuigh mé tré bheith dom íslíughadh féin chum sibhse dhádughadh, tré bheith dhamh ag soísgéulughadh shoisgéil Dé dhaóibhse a naisge?
8. Do shlad mé eagluiseacha eile, ag glacadh túarasduil úatha, chum seirbhíse do dhéunamh dhíbhsi.
9. Agus an tan do bhí mé bhur láthair, agus riachdanas oram, níor léig mé mo throm ar éunduine: óir do fóireadh a neasbhuidh do bhí oram ris na dearbhráithribh tháinic ó Mhacedónia: agus ar a nuile ghlés do choimhéudas mé féin ó mo throm do léigean oruibhsi, agus fós coimhéudfad.
10. Atá fírinne Chríosd ionnam, nách dúnfuighthear an maóithfeachussa am adhuigh a gcríochaibh na Hachaía.
11. Créd uime? an do bhrígh nach bhfuil grádh agam dhíbhse? atá a fhios sin ag Día.