17. A ní labhrum, ní do réir an Tighearna labhrum é, achd mar neach ar a bhfuil díth céille, a ndóthchas na mórdhálasa.
18. Do bhrígh go ndeanuid morán mórdháil do réir na féola, do dhéunsa mórdháil mar an gcéudna.
19. Oír fuilngidh sibh daóine gan chéill go toilteanach, do bhrígh go bhfuil sibh féin céillidhe.
20. Oír iomcharthaói, dá mbeire neach a ndaóirsi sibh, dá sluige neach sibh, dá mbeana neach bhur gcuid díbh, da nárduighe neach é féin, dá mbuáile neach sibh ar a nadhuigh.