10. Atá fírinne Chríosd ionnam, nách dúnfuighthear an maóithfeachussa am adhuigh a gcríochaibh na Hachaía.
11. Créd uime? an do bhrígh nach bhfuil grádh agam dhíbhse? atá a fhios sin ag Día.
12. Achd a ní do ním, do dhéanad fós é, ionnus nách dtiubhruinn cionfátha don druing ler mían cionfatha dfagháil; chum a bhfaghála comhchosmhuil rinne, sa ní as a ndéanuid síad maóithfeachus.
13. Oir atáid a leithid sin dabsdaluibh fallsa, na luchd oibre meabhlacha, dá gcur féin a bhfoirm absdál Chríosd.
14. Agus ní híongnadh sin; óir cuiridh Satán é féin a bhfoirm aingil na soillse.
15. Uime sin ní mór an ní é dá gcuirid a mhinisdrí íad féin mar an gcéudna a bhfoirm minisdridhe na firéantachda; agá mbiáidh a gcríoch dheigheanach do réir a noibreacha.
16. A deirim a rís, Na tugadh éunduine meas dhuine gan chéill oram; nó fós, gabhuidh chuguibh mé mar neach gan chéill, go ndéanuinnsi fós beagán mórdhála asam féin.
17. A ní labhrum, ní do réir an Tighearna labhrum é, achd mar neach ar a bhfuil díth céille, a ndóthchas na mórdhálasa.
18. Do bhrígh go ndeanuid morán mórdháil do réir na féola, do dhéunsa mórdháil mar an gcéudna.