10. Atá fírinne Chríosd ionnam, nách dúnfuighthear an maóithfeachussa am adhuigh a gcríochaibh na Hachaía.
11. Créd uime? an do bhrígh nach bhfuil grádh agam dhíbhse? atá a fhios sin ag Día.
12. Achd a ní do ním, do dhéanad fós é, ionnus nách dtiubhruinn cionfátha don druing ler mían cionfatha dfagháil; chum a bhfaghála comhchosmhuil rinne, sa ní as a ndéanuid síad maóithfeachus.
13. Oir atáid a leithid sin dabsdaluibh fallsa, na luchd oibre meabhlacha, dá gcur féin a bhfoirm absdál Chríosd.
14. Agus ní híongnadh sin; óir cuiridh Satán é féin a bhfoirm aingil na soillse.