1. Anois sirimse Pól dathchuinge oraibh tré mhacántus agus cheannsachd Chríosd, noch ar mbeith dhamh do láthair bhíos íseal eadruibh, achd do ní dánachd oruibh an tan nach bím bhur lathair:
2. Achd iarruim dathchuinge oruibh chum go mbíam teann an tan bhías mé bhur lathair, leis a ndánachd céudna ré a saóilthear mé bheith teann a nadhuigh druinge áirighe, mhéusas sinn mar do bheimís ag siubhal do réir na féola.
3. Oír ar mbeith dhúinn ag siubhal sa bhfeóil, ní do réir na féola nímid cogadh:
4. (Oir ar náirm coguidh ní féolmhar íad, ach cúmhachdach ó Dhía, chum daingneach do leagadh sios;)
5. Ag cur theilgin na hinntinne ar gcúl, agus gach uile áirde dá nárduigheann é féin a nadhuigh éolais Dé, agus ag breith gach uile smuáintighe a mbráighdeanus chum úmhluighthe do Chríosd.
6. Agus agá bhfuil díoghaltus ullamh ré dhéunamh ar a nuile easúmhlachd, an tan choimhlíontar bhur númhlachdsa.