6. Agus más buáidhirt dúinn, ar son bhur gcomhfhurtachdasa agus bhur slánuighe, noch más furtachd duinn, ar son bhur gcomhfhurtachdasa agus bhur slánuighe, oibrighthear ionnuibh a bhfulang a námhgair chéudna fhuilngemid féin.
7. Agus atá meinighin dhaingean aguinn asuibhsi, do bhrígh go bhfuil a fhios aguinn, mar do gheibh sibh bhur gcuid don nanshógh, go bhfuighe sibh bhur gcuid don tsógh mar an gcéudna.
8. Oír ní háil linn, ainbhfeas do bheith aruibh, a dhearbhráithre, a dtáobh na buáidheartha thárrla dhúinn sa Násia, eadhon, gur brúghadh tar mhógh sinn, ós cionn ar neirt, ionnus go raibh amharus aguinn fós air a bheith béo:
9. Achd do bhreathbuigheamar ionainn féin go rabhamar fá bhreith an bháis, ionnus nach asuinn féin do bhíadh muinighin aguinn, achd as Día dhúisigheas na mairbh:
10. Noch do sháor sinn ó na chomhór sin do bhás, agus sháorus sinn: as a bhfuil ar ndóigh go sáorfuidhe sé sinn fós mar an gcéudna;
11. Ar mbeith dhíbhse ag cómhchúngnamh ré chéile a núrnuighe air ar son, ionnus go ttiubhradh mórán buidheachus air ar soinne do bhrigh an tiodhlaice fúaramar air son mhóráin dáoinibh.