15. Tuguidh aire ribh nách déun éinneach olc a naghuidh uilc ar bith; achd leanuidh an mhaith do ghnáth, da bhur dtáobh féin, agus do tháobh na nuile dhaóineadh.
16. Bíodh gáirdeachas oruibh do shíor.
17. Bíghidh ag úrnuighe gan sgur.
18. Beirídh buidheachas sna huile neithibh: óir a sí sin toil Dé a Níosa Críosd bhur dtáobhsa.
19. Ná múchaidh an Sbiorad.
20. Ná tuguidh neamhshúim a bhfáidheadóireachd.
21. Dearbhuidh na huile neither; congmhuidh an ní bhias maith.
22. Seachnuidh gach uile chosamhlachd uilc,
23. Agus go ndéarna Día na siothchána féin náomtha sibh go hiomlan; agus go gcoimhéudthar bhur spiorad agus bhur nanam agus bhur gcorp go huilighe ó chiontuibh go teachd ar Dtíghearna Iósa Críósd.
24. As díleas an tí do ghoir sibh, noch fós do dhéunas sin.
25. A dhearbhráithre, deanuidh úrnuighe air ar soinne.
26. Teannuidh ribh na dearbhráithre uile maille ré póig náomhtha.
27. Cuirím dúalach oruibh a bhfíadhnuisé an Tíghearna a neipisdilse do léughadh do na déarbhráithribh náomhtha uile.
28. Grása ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ribh. Amen.