1 Ttessalonicanach 4:6-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Gan leathrom na méabhail do dhéunamh déinneach air a dhearbhrathair: óir do ní Día díoghaltus sna neithibhse uile, do réir mar a dubhramar cheana ribh, agus do rinneamar dfíadhnuisi.

7. Oír ní chum neamhghloine do ghoir Día sinn, achd chum náomhthachda.

8. Ar a nadhbharsin an tí chuireas a neamhshuin na neithesi, ní a nduine atá neamhshúim aige, achd a Ndía, noch fós tug dhúinne a Sbiorad náomhtha féin.

9. Achd a dtáobh ghrádh bhráithreamhuil ní bhfuil sibhse a riachdanas sgríobhadh chuguibh: óir do teaguisgeadh sibh ó Dhía, chum a chéile do grádhughadh.

10. Agus fós do níthí an ní céudna do na huile dhearbhraíthribh ar feadh na Macedónia uile: gidheadh íarrmuid dathchuinge oruibh, a dhearbhráithre, teachd ar bhur nághuidh ní sa mhó na chéile;

11. Agus bhur ndithchioll do dhéunamh ré bheith ciúin, agus re bhur ngnothuighibh féin do dhéunamh, agus ré sáothrughadh dhíbh ré bhur lámhuibh féin, do réir na naitheantadh thugamairne dhíbh;

12. Chum sibh féin diomchar go cubhaidh a dtáobh na druinge atá don táobh amuith, agus ionnus nách bíadh uireasbhuidh éinneithe oruibh.

13. Agus a dhearbhráithre, ní hail leam ainbhfios do bheith oruibh, a dtáobh na muinntire atá na gcodladh, ionnas nach déunadh sibh doilgheas, mar an drung ag nách bhfuil muinighin.

1 Ttessalonicanach 4