2. Oír atá a fhios aguibh créd íad na haitheanta thugamar dhaóibh trés an Dtíghearna Iósa.
3. Oír a sí so toil Dé, sibhse do bheith náomtha, ionnus go seachnochadh sibh sdríopachus:
4. Agus fios do bheith ag gach áon aguibh ar a shoitheach féin do chongmháil a náomthachd agus a nonóir;
5. Agus ní a bhfonn ainmhíanach, amhail do níd na Cineadhacha, ag nach bhfuil éolas Dé:
6. Gan leathrom na méabhail do dhéunamh déinneach air a dhearbhrathair: óir do ní Día díoghaltus sna neithibhse uile, do réir mar a dubhramar cheana ribh, agus do rinneamar dfíadhnuisi.
7. Oír ní chum neamhghloine do ghoir Día sinn, achd chum náomhthachda.