1 Timóteuis 6:12-21 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

12. Déun comhrac maith sa gcreideamh, beir greim ar an mbeatha mharrthannuigh, chum ar goireadh thú, agus ar a ndearnuídh tú admháil mnhaith a láthair mhoráin dfíaghnuibh.

13. Aithním dhíot bhfíadhnuisi Dé bhéodhuigheas na huile neithe, agus Iósa Críosd, noch do rinne fíadhnuisi agus admháil mhaith a láthair Phuinc Phíolaid:

14. Na haitheantasa do choimhéud gan cháidh, gan lochd, go teachd ar Dtíghearna Iósa Críosd:

15. Noch fhoillseochas na ám féin, an tí atá beannuighe eadhon an Coímhdhe cúmhachdach na áonar, Rí na ríghtheadh, agus Tíghearna na dtíghearnadh;

16. Agá bhfuil an neamhmarbhthachd na áonar féidir dáonneach a rochduin; nách bhfácuidh duine ríamh, agus nach bhféudann fhaicsin: onóir agus cúmhachd síorruidhe dhó. Amen.

17. Fogair don druing atá sáibhbhir sa tsáoghalsa, gan bheith áirdinntinneach, ná a muinighin do chur a sáidhbhreas neamhbuáin, achd sa Día bheó do bheir dhúinne go sáidhbhir na huile neither chum a ccaithmhe;

18. Máith do dhéunamh, bheith sáidhbhir a ndéaghoibrighthibh, éusguidh fá na gcuid do thabhair úatha, agus do róinn maille ré cumann;

19. Císde chur a dtaisge ar fhondaimeint mhaith dhóibh féin ré haghuidh na haimsire atá chum teachda, chum na béatha marrthannuigh do ghnódhughadh dhóibh.

20. O a Thimotéuis, coimhéid an ní fágbhadh táobh riot, agus seachain cíapáil bhríathar neamhdhíagha gan éifeachd, agus conntrarrdhachd ealadhan nách bhfuil achd na haínm ealadhna:

21. Noch ar mbeith do dhruing áirighe dhá hadmháil do chúadar ar seachrán a dtimchioll an chreidimh. Grása maille riot. Amén.

1 Timóteuis 6