15. Oír do fhilleadar dream áirighe cheana ar a nais a ndiáigh Shatáin.
16. Má atá fear nó bean don druing chreideas agá bhfuilid baintreabhacha, tugaidís dhóibh fóirighin a ríachdanuis, agus ná bíodh a muirighin ar a neagluis; ionnus go mbíadh go lór aice ré thabhairt do na fíobhaintreabhachuibh.
17. Na sinnsir ríaghluigheas go maith, bíodh meas orrtha gur fíu onóir dhúbalta íad, go mórmhór an luchd sháothruigheas sa mbréithir agus a dteagusg.