3. Noch thoirmisgeas pósadh, an bíadh do sheachna, noch do chrúthuigh Día chum a chaithmhe maille re haltughadh don druing chreideas agus agá bhfuil fios na fírinne.
4. Oír as maith gach ní do chrúthuigh Día, agus ní cóir éinní deiteach, achd go ngabhthar é máille ré breith bhuidheachuis:
5. Oír do níthear náomhtha é tré bhréithir Dé agus tré urnuighe.
6. Dá gcuiridh tú na neithesi a gcéill do na dearbhráithribh, biádh tú ad mhinisdir mhaith Diósa Críosd, ar mbeith dhuit oilte a mbríathruibh an chreidimh agus an teagusg mhaith, dár lean tú.
7. Gidheadh seachain sgéula fábhuil neamhdhíagha caillchúla, agus cleachd thú féin chum díaghachda.
8. Oír as beag an tarbha a dtéid an cleachdadh corparrdha: achd is tarbhach an díaghachd chum na nuile neitheann, agá bhfuil gealladh na beatha atá a lathair, agus chum teachda.
9. As rádh fírinneach so agus atá sé iongabhála ris ar gach éunchor.