1. A chairde, na creidigh gach éin spiorad, achd dearbhuidh na spioruid an ó Dhía atáid: óir do chúadar morán dfáidhibh fallsa amach fán domhan.
2. Is as so is aitheanta dhíbh Spiorad Dé: gach spiorad admhuigheas go dtainic Iósa Críosd a gcoluinn, is ó Dhía atá sé.
3. Achd gach Sbíoruid nach admhuigheann go dtáinic Iósa Críosd a gcoluinn ní ó Dhía atá sé: achd a sé sbiorad a nainnticríosd é, air a gcúalabhair iomrádh go dtiucfadh sé; agus atá sé a nois cheana sa domhan.
4. A chlann bheag, as ó Dhía atá sibhse, agus rugabhair buáidh orrthasan: óir as mó an tí atá ionnuibhse, na an tí atá sa domhan.
5. As don tsáoghal íadsan: uime sin labhruid neithe sáoghalta, agus do bheir an sáoghal éisdeachd dóibh.
6. As ó Dhía atámuidne: an tí atá a neólas Dé éisdigh sé rinn; an tí nach bhfuil ó Dhía ní éisdeann sé rinn. Is as so aithnighemid sbiorad na fírinne, agus sbiorad an tseachráin.
7. A cháirde, bíodh grádh aguinn dá chéile: óir as ó Dhía tig an gradh; agus gidh bé neach ghrádhuigheas atá sé ar na gheineamhuin ó Dhía, agus is aithnidh dhó Día.
8. An tí nach grádhuigheann ní bhfuil eólas Dé aige; óir as grádh é Día.
9. An so do foillsigheadh grádh Dé dhúinne, eadhon gur chuir sé úadha a éinghin Mhic air a tsáoghal, chum go mairfeadh sinne thríd.
10. As ann so atá an grádh, ní hé go dtugamairne grádh do Dhía, achd go dtug seision grádh dhúinne, agus gur chuir úadh a Mhac féin na iodhbairt réitigh air son ar bpeacuighne.
11. A cháirde, má ghrádhuigh Día sinne mar sin, atá dfíachuibh oruibbe mar an gcéudna a chéile do ghrádhughadh.
12. Ní fhacuidh éinneach Día riamh. Dá raibh grádh aguinn dá chéile, atá Día na chómhnuighe ionnuinn, agus atá a ghrádh go diongmhálta ionnuinn.