1. Tuguidh dá bhur naire, créd é méud an ghrádha tug an Tathair dhúinne, as a ngoirfidhe clann Dé dhínn: is uime so nach aithnidh don tsáoghal sinn, do bhrígh nach aithnidh dhó eisean.
2. A cháirde, as clann do Dhía sinn a nois, achd ní léir fós créd bhus sinn: gidheadh atá a fhios aguinn, an tan fhoillséochar eision, go mbíam cosmhuil ris; óir do chífeam é do réir mar atá sé.
3. Agus gach neach agá bhfuil an mhunighinse aige annsan, glanuidh sé é féin, do réir mar atá seisíon glan.
4. Gidh bé neach do ní peacadh sáruighe sé an reachd mar an gcéudna: óir a sé as peacadh ann sárughadh an reachda.
5. Agus atá a fhios aguibh gur ab uime do foillsigheadh eision chum ar bpeacuighne do chur ar gcúl; agus ní bhfuil peacadh ar bith annsan.
6. Gidh bé neach chómhnuigheas annsan, ní pheacuigheann sé: gidh bé neach do ní peacadh ní fhacuidh sé eision, agus ní raibh aithne aige air.
7. A chlann bheag, ná mealladh éinneach sibh: an tí leanas do nfíréuntachd as firéun é, do réir mar atá seision ná fhiréun.
8. An tí do ní peacadh, as ón díabhal atá sé; óir atá an díabhal ag déunamh peacuigh ó thosach. As chuige so do foillsigheadh Mac Dé, ionnus go sgaóilfeadh sé oibreacha an díabhail.
9. Gidh bé neach gheintear ó Dhía ní dhéuna sé peacadh; óir do ní a shíolsan comhnuighe ann: agus ní héidir leis peacadh do dhéunamh, do bhrígh go bhfuil sé ar na gheineamhuin ó Dhía.
10. Is as so aitheantar clann Dé, agus clann an díabhail: gidh bé nach leanann do nfíréuntachd ní ó Dhía atá sé, ná an tí nach dtabhair grádh dhá dhearbhrathair.
11. Oír a sí so an teachdaireachd do chúalabhair ó thosuigh, eadhon sinne do thabhairt grádh dhá chéile.
12. Ní do nós Cháin, noch do bhí ón droch spioruid, agus do mharbh a dhearbhráthair. Agus créd é an tadhbhar fár mharbh sé é? Do bhrígh go rabhadar a oibreacha féin go holc, agus oíbreacha a dhearbhráthar fíreunta.
13. A dhearbhráithre, na bíodh íongnadh aguibh, fá fhúath bheith ag an tsáoghal oruibh.
14. Atá a fhios aguinne gur hathruigheadh sinn ó bhás go beatha, do bhrígh go bhfuil grádh aguinn air na dearbhráithribh. An tí nach grádhuigheann a dhearbhrathair cómhnuighe sé a mbás.
15. Gidh bé neach fhúathuigheas a dhearbhráthair as fear dúnmharbhtha é: agus atá a fhios aguibh nach déunann an bheatha marthannach comhnuighe a bhfear dúnmharbhtha ar bith.
16. Is as so is aithnigh dhúinn grádh Dé, gur chuir sé a anum síos air ar soinne: uime sin atá dfíachuibh oruinne ar nanmanna do chur síos ar son ar ndearbhraithreach.
17. Agus gidh bé agá bhfuil maóin an tsáoghailse, agus do chí a dhearbhráthair a ríachdanas, agus nach déun trúaighe dhó, cionnus chomhnuigheas gradh Dé ann?