1 Eóin 2:1-6 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. A chlann bheag, sgríobhuim na neithese chuguibh, ionnus nach déunadh sibh peacadh. Agus má rinne éinneach peacadh, atá abhcóidigh aguinn a bhfochair a Nathar, Iósa Críosd an firéún.

2. Agus is eision an réidhteach air son ar bpeacuighne: ní ar son ar bpeacuighne amháín, achd air son an domhuin uile mar an gcéudna.

3. Agus is as so is deimhin linn aithne do bheith aguinn air, dá gcoimhéudam a aitheanta.

4. An tí a deir, Atá aithne agum air, agus nach ccoimhéudann a aitheanta, as bréugach é, agus ní bhfuil fírinne ann.

5. Achd an tí choimhéudas a bhríathar, as ann atá grádh Dé ar na choimhlíonadh go fírinneach: as so aithnighmíd sinn féin do bheith annsan.

6. An tí a deir go bhfuil sé na chomhnuighe annsan atá dfíachuibh air síubhal, réir mar do shiubhaíl seision.

1 Eóin 2