5. Oír bíodh go bhfuilid neithe ann dá ngoirthear dée, ar neamh agus ar talamh, (amhail atáid iomad dée, agus iomad tighearnadh.)
6. Gidheadh ní bhfuil aguinne achd áon Ndía amháin, an Tathair, ó a bhfuilid na huile neithe, agus sinne annsan: agus éin Tighearna Iósa Críosd, tré a bhfuilid na huile neithe, agus sinne thrídsion.
7. Gidheadh ní bhfuil an teólus sin ag gach éunduine: óir atá dream áirighe agá bhfuil fios na hiodhaile gus a nois itheas é mar ní iodhbarthar díodhaluibh; agus ar mbeith dá ccoinnsiás éugcruáidh salaighthear é.
8. Achd ní moltar sinn ar son bidh a bhfíadhnuise Dé: óir dá nítheann, ní saidhbhride sinn é; agus muna nitheann, ní dáibhride sinn é.
9. Gidheadh tugaidh bhur naire ribh nach mbiáidh an cúmhachdasa atá aguibh a gcail ar bith na adhbhar oilbhéime don druing atá lag.
10. Oir da bhfaicidh éunduine thusa agá bhfuil eólas ad shuídhe ar bhórd a dteampoll na niodhal, a né nach neirteóchar connsías an tí atá meiribh chum na neitheann iodhbarthar diodhaluibh íthe;
11. Agus do bhrígh heoluise an rachaidh an dearbhráthair éugcruáidh amúgha, agá bhfúair Críosd bás ar a shon?
12. Agus mar sin ag peacughadh dhíbh a naghaidh na ndearbhraithreach, agus ag lot a ccoinnsiáis éugcruaidh, do ní sibh peacadh a naghaidh Chríosd.
13. Uime sin, dá dtugaidh bíadh adhbhar oilbhéime dom dhearbhráthair, ni íosaídh mé feól go bráth, ionnus nach dtiubhruim adhbhar oilbhéime dom dhearbhráthair.