1 Ccorintiánach 7:4-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Ní ag an mnáoi atá cumus a cuirp féin, achd ag an bhfear: agus ní ag an bhfear atá cúmus a chuirp féin mar an gcéudna, achd ag an mnáoi.

5. Ná meallaidh a chéile, achd amháin do thoil a chéile air feadh tamuill, chum sibh féin do thabhairt do throsgadh agus dúrnaighe; agus a rís taguidh a gceann a chéile, deagla go gcuirfeadh Satán cathughadh oraibh tre bhur neamhgheanmnuidheachd.

6. Achd is mar chomhairle a deirim so ribh, agus ní mar áithne.

7. Oír do bfearr leam go mbíadh na huile dháoine mar mé féin. Gidheadh atá a thiodhlacadh féin ag gach éunduine ó Dhía, ag neach mar so, agus ag neach eile mar súd.

1 Ccorintiánach 7