1 Ccorintiánach 7:23-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

23. Do ceannchadh sibh ar lúach; ná bíghidh bhur séirbhíseachuibh do dháoinibh.

24. A dheárbhráithreacha, fanadh gach aon ag Día, sa ngairm a fuáir sé.

25. Achd a dtáobh na maighdean ní bhfuil áithne an Tighearna agam: gidheadh do bheirim comhairle, mar neach fuáir trócaire ón Dtighearna ré bheith díleas.

26. Uime sin sáoilim gur maith so ar son an riachdanuis atá do lathair, óir is maith do dhuine bheith mar sin.

1 Ccorintiánach 7