20. Fanadh gach áon sa ngairm ionar goireadh é.
21. Nar goireadh thú ad shearbhfhoghantuidhe? ná bíodh suim agad ann: gidheádh más féidir leachd bheith sáor, go madh hé sin do rogha.
22. Oír an tí atá ar na ghairm sa Dtighearna, na shearbhfhoghantuidhe, is duine sáor é don Tighearna: is mar an gcéudna fós an tí atá ar na ghairm, ar mbeith dhó sáor, as searbhfhoghantuidhe do Chríosd é.
23. Do ceannchadh sibh ar lúach; ná bíghidh bhur séirbhíseachuibh do dháoinibh.
24. A dheárbhráithreacha, fanadh gach aon ag Día, sa ngairm a fuáir sé.
25. Achd a dtáobh na maighdean ní bhfuil áithne an Tighearna agam: gidheadh do bheirim comhairle, mar neach fuáir trócaire ón Dtighearna ré bheith díleas.
26. Uime sin sáoilim gur maith so ar son an riachdanuis atá do lathair, óir is maith do dhuine bheith mar sin.
27. An bhfuil tú ceangailte do mhnáoi? na híarr dealadh ría. An bhfuil tu sgáoilti ó mhnáoi? ná hiarr bean.
28. Achd fós ma phósann tú, ní bhfuil peacadh dhuint ann; agus má phósann maighdean, ní bhfuil peacadh dhi ann. Gidheadh do gheubhaid a leithid so buáidhirt do tháóbh na feóla: achd atáimse da bhur ccoigilt.
29. As uime a deirim so, a dhearbhraithreacha, do bhrígh na haimsire do bheith aithghearr: ionnus go mbíadh an drung agá bhfuilid mná mar nach bíadh mná acá;