17. Achd do réir mar do roinn Día a thiodhlaice ré gach éunduine, do réir na gárma tug an Tighearna dá gach áon, go madh hamhluidh sin shiubhalfus sé. Agus is mar sin órduighimse sna huile eagluisibh.
18. An bhfuil éinneach ar na ghairm ar mbeith dhó timchillghéarrtha: ná híarradh sé a bheith neimhthimchillghearrtha. An bhfuil éinneach ar na ghairm gan bheith dhó timchillghéarrtha: na timchillghearrthar é.
19. Ní bhfuil éifeachd sa timchillghearradh, agus ní fhuil éifeachd sá neimhthimchillghearradh, achd a gcoimhéud aitheantadh Dé.
20. Fanadh gach áon sa ngairm ionar goireadh é.
21. Nar goireadh thú ad shearbhfhoghantuidhe? ná bíodh suim agad ann: gidheádh más féidir leachd bheith sáor, go madh hé sin do rogha.
22. Oír an tí atá ar na ghairm sa Dtighearna, na shearbhfhoghantuidhe, is duine sáor é don Tighearna: is mar an gcéudna fós an tí atá ar na ghairm, ar mbeith dhó sáor, as searbhfhoghantuidhe do Chríosd é.
23. Do ceannchadh sibh ar lúach; ná bíghidh bhur séirbhíseachuibh do dháoinibh.
24. A dheárbhráithreacha, fanadh gach aon ag Día, sa ngairm a fuáir sé.
25. Achd a dtáobh na maighdean ní bhfuil áithne an Tighearna agam: gidheadh do bheirim comhairle, mar neach fuáir trócaire ón Dtighearna ré bheith díleas.