1 Ccorintiánach 7:10-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Achd áithnighim don druing atá pósda, bíodh nach misi, achd an Tighearna, Gan an bhean do dhealughadh ré na fear.

11. Achd má dhealuigheann sí ris fhanadh sí gan phósadh, nó bíodh sí réidh ré na fear: agus ná ligeadh an fear a bhean.

12. Achd a deirimsi re cách, agus ní he an Tighearna: Dá raibh nean gan chreideamh ag dearbhráthair ar bith, agus go dtig a háonta ar fhuireach na fhochair, ná cúireadh úadh í.

13. Agus an bhean agá bhfuil fear gan chreideamh, agus go dtig a áonta ar fhuireach na fochair, na cuireadh sise uáithe é.

14. Oír atá an fear gan chreideamh, ar na náomhadh sa mnáoi, agus atá an bhean gan chreideamh ar na náomhadh san bhfear: nó do bhíadh gan amharus bhur gclannsa neamhghlan: achd a nois atáid síad náomhtha.

15. Gidheadh dá ndealuighe an duine gan chreideamh é féin, bíodh sé dealuighthe. Ní bhfuil dearbhráthair, nó deirbhshíur fá dháoirse ann a leíthid so do chás: achd is chum siothchána do ghoir Día sinn.

16. Oír gá fios duit, a bhean, nach sláinneochthá an fear? nó gá fios duit, a fhir, nach slainneochtha an bhean?

17. Achd do réir mar do roinn Día a thiodhlaice ré gach éunduine, do réir na gárma tug an Tighearna dá gach áon, go madh hamhluidh sin shiubhalfus sé. Agus is mar sin órduighimse sna huile eagluisibh.

18. An bhfuil éinneach ar na ghairm ar mbeith dhó timchillghéarrtha: ná híarradh sé a bheith neimhthimchillghearrtha. An bhfuil éinneach ar na ghairm gan bheith dhó timchillghéarrtha: na timchillghearrthar é.

19. Ní bhfuil éifeachd sa timchillghearradh, agus ní fhuil éifeachd sá neimhthimchillghearradh, achd a gcoimhéud aitheantadh Dé.

20. Fanadh gach áon sa ngairm ionar goireadh é.

21. Nar goireadh thú ad shearbhfhoghantuidhe? ná bíodh suim agad ann: gidheádh más féidir leachd bheith sáor, go madh hé sin do rogha.

22. Oír an tí atá ar na ghairm sa Dtighearna, na shearbhfhoghantuidhe, is duine sáor é don Tighearna: is mar an gcéudna fós an tí atá ar na ghairm, ar mbeith dhó sáor, as searbhfhoghantuidhe do Chríosd é.

23. Do ceannchadh sibh ar lúach; ná bíghidh bhur séirbhíseachuibh do dháoinibh.

24. A dheárbhráithreacha, fanadh gach aon ag Día, sa ngairm a fuáir sé.

25. Achd a dtáobh na maighdean ní bhfuil áithne an Tighearna agam: gidheadh do bheirim comhairle, mar neach fuáir trócaire ón Dtighearna ré bheith díleas.

26. Uime sin sáoilim gur maith so ar son an riachdanuis atá do lathair, óir is maith do dhuine bheith mar sin.

1 Ccorintiánach 7