10. Achd áithnighim don druing atá pósda, bíodh nach misi, achd an Tighearna, Gan an bhean do dhealughadh ré na fear.
11. Achd má dhealuigheann sí ris fhanadh sí gan phósadh, nó bíodh sí réidh ré na fear: agus ná ligeadh an fear a bhean.
12. Achd a deirimsi re cách, agus ní he an Tighearna: Dá raibh nean gan chreideamh ag dearbhráthair ar bith, agus go dtig a háonta ar fhuireach na fhochair, ná cúireadh úadh í.
13. Agus an bhean agá bhfuil fear gan chreideamh, agus go dtig a áonta ar fhuireach na fochair, na cuireadh sise uáithe é.
14. Oír atá an fear gan chreideamh, ar na náomhadh sa mnáoi, agus atá an bhean gan chreideamh ar na náomhadh san bhfear: nó do bhíadh gan amharus bhur gclannsa neamhghlan: achd a nois atáid síad náomhtha.