1 Ccorintiánach 6:8-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Gidheadh fós, do ní sibh féin éugcóir, agus díoghbháil, agus sin ar bhur ndearbhráithribh.

9. A né nach bhfuil a fhios aguibh nach bhfaghuid luchd déanta na heugcóra sealbh rioghachda Dé? Ná mealltar sibh: ní bhfuighidh sdríopthacha, na luchd iodhaladhruidh, na luchd adhaltrannais, ná dáoine macnusacha, ná dáoine míonadúrtha,

10. Ná gaduighthe, ná dáoine sanntacha, na luchd meisge, na luchd imdheargtha, náid sracaireadha, oidhréachd rioghachda Dé.

11. Agus mar so do bhí cuid agaibhse: achd atá sibh ar bhur nionnladh, achd atá sibh ar bhur náomhadh, achd atá sibh ar bhur sáoradh a nainm an Tighearna Iósa, agus tré Spioraid ar Ndéinne.

12. Atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, achd ní bhfuilid uile tarbhach: atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, gidheadh ní béarthar fáoi chúmhachda éinneithe mé.

13. An bíadh don bholg, agus an bólg don bhíadh: gidheadh sgriosfuidh Día íad ar áon. Achd ní do sdriopachas do hórduigheadh an corp, achd don Tighearna; agus an Tighearna don chorp.

1 Ccorintiánach 6